Achainí faoi bheartas nua don Ardteist

Mór-pháirtithe leasmhara oideachas na Gaeilge ag éilimh cruinniú leis an Aire

FOCLÓIR: Imní - worry; leibhéil struis - stress levels; tráthchlár - timetable; cúiseanna - reasons; comhtháite - cohesive; indéanta - practicable; taighde - research; timthriall - cycle; bisiúil - productive.

Tá sé cinn de mhór pháirtithe leasmhara shaol agus oideachas na Gaeilge tar éis litir a scríobh chuig an Aire Oideachais Norma Foley chun imní atá orthu faoi phlean nua don oideachas dara leibhéal a chur in iúl di.

Faoin bplean nua, Cothromas agus Sármhaitheas do Chách a fógraíodh i mí an Mhárta, bheadh ar scoláirí Ardteistiméireachta Páipéar 1 Béarla agus Gaeilge a dhéanamh ag deireadh an cúigiú bliain, seachas tabhairt fúthu ag deireadh an séú bliain.

De réir ráitis a eisíodh i mí an Mhárta, tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais na hathruithe seo a dhéanamh “chun scoláirí a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an 21ú haois” agus chun “folláine a leabú agus leibhéil struis scoláirí a laghdú.”

READ MORE

Ach, de réir litreach atá feicthe ag Tuarascáil, tá cuid de na heagrais is feasaí ar chúrsaí oideachas na Gaeilge “an-bhuartha” faoina bhfuil molta.

“Tuigeann muid an brú a bhaineann leis an Ardteist agus nílimid i gcoinne athruithe a dhéanamh ar thráthchlár na scrúduithe i mbealach a bhfuil bunús oideachasúil leis agus a chabhródh leis an mbrú ar na scoláirí a laghdú,” a deirtear sa litir.

“Tá fadhbanna ag baint leis an athrú atá molta agat ó thaobh na Gaeilge de, áfach,” a deirtear leis an Aire.

Ar na páirtithe a shínigh an litir láidir seo tá An Foras Pátrúnachta, An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, Aontas na nDaltaí Iar-bhunscoile in Éirinn, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaeloideachas, Ógras, Oireachtas na Gaeilge, Sealbhú, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta.

Tugtar liosta cúiseanna oideachasúla sa litir a mhíníonn na fáthanna nach bhfuil an t-athrú atá molta “oiriúnach” agus éilítear freisin cruinniú leis an Aire “leis an ábhar seo agus eile a phlé.”

Cúiseanna

Faoi mar atá timthriall na hArdteiste leagtha amach faoi láthair, sealbhaítear scileanna i scríobh na Gaeilge “ar bhealach chomhtháite” thar thréimhse dhá bhliain, a deirtear sa litir.

“Tá an moladh seo go ndéanfar cuid de na scileanna a mheas ag deireadh an cúigiú bliain ag teacht salach ar an dea-chleachtas maidir leis an gcur chuige comhtháite i múineadh scileanna teanga,” a deirtear sa litir.

Anuas ar sin, áirítear nach bhfuil sé “indéanta” na hábhair ar fad atá sa siollabas reatha agus “na feidhmeanna” i scríobh na teanga atá ag gabháil leo a chlúdach i mbliain amháin.

“Má chuirtear an moladh seo i bhfeidhm beidh athbhreithniú suntasach le déanamh ar an ábhar a bheidh le scrúdú ar Pháipéar a hAon agus ar an ábhar a bheidh le clúdach sa siollabas.”

Luaitear freisin go ndéanfadh an beart dochar mar nach mbeidh “aon spreagadh” ann do scoláirí scileanna i scríobh na Gaeilge a shealbhú sa séú bliain agus go bhfuil baol ann go dtitfidh líon na scoláirí a roghnóidh an Ardleibhéal.

Maíonn sínitheoirí na litreach go rachadh sé seo ar fad in aghaidh an mhéid atá ráite cheana ag oifigigh an Roinn Oideachais.

Luaitear freisin “buairt” a luaigh ceannasaí Choimisiún na Scrúduithe Stáit faoi “na himpleachtaí neamhbheartaithe” a d’fhéadfadh a bheith ag athruithe den chineál seo.

Creideann na páirtithe leasmhara go bhfuil dlúth-cheangal idir na scileanna praiticiúla a mhúintear agus a chuirtear faoi scrúdú ar pháipéar a hAon, agus cumas na scoláirí an saibhreas teanga a chuirtear faoi scrúdú ar Páipéar a Dó a shealbhú.

Tá siollabas reatha na hArdteistiméireachta in úsáid le haon bhliain déag anois agus ó 2012 i leith bhí laghdú ar mhéid na litríochta a bhfuil staidéar le déanamh uirthi don Ardteist ó tugadh isteach an 40 faoin gcéad don bhéaltriail.

“Rinneadh an t-athrú seo le go gcuirfí béim níos mó ar an teanga labhartha sa seomra ranga ach tá forbairt na teanga labhartha fite fuaite i bhforbairt na teanga scríofa. Saibhríonn na scileanna seo a chéile agus iad á bhforbairt sa seomra ranga.”

Moltaí

Molann sínitheoirí na litreach gur cheart tabhairt faoi aon athrú atá le déanamh mar chuid den athbhreithniú níos leithne atá idir lámha cheana féin ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).

“Ba chóir aon athruithe a dhéantar ansin a bhunú ar thaighde oideachasúil ar mhúineadh agus ar fhoghlaim teanga.

“Níor cheart aon athrú mór a chur i bhfeidhm ar an gcóras scrúdaithe sin, gan tuiscint iomlán a bheith againn ar thionchar agus ar impleachtaí na n-athruithe sin.”

Luaitear freisin go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfar faoi aon athrú ar bhealach a chinnteoidh go mbeidh cainteoirí agus scríbhneoirí cumasacha Gaeilge ann sa todhchaí.

Ag labhairt go díreach leis an Aire Foley dúirt na sínitheoirí: “Is múinteoir iar-bhunscoile tú féin agus dá bhrí sin tuigeann tú go bhfuil guth an mhúinteora, na cleachtóirí sa seomra ranga, fíorthábhachtach agus athrú mar seo á bheartú.”

“Go bhfios dúinn níor cuireadh tuairimí múinteoirí san áireamh agus an cinneadh seo á ghlacadh. "

“Ní léir dúinn mar sin cén bunús eolaíoch oideachasúil atá leis an gcinneadh.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.